Taighde

Foilseacháin Nua ar Fáil le Ceannach ó Shiopa Leabhar Bhaile an Chaisleáin

Clár Taighde Gníomhach

Is é ár misean ag Baile an Chaisleáin an láithreán stairiúil seo agus a bhfuil ann ‘a chaomhnú, a chosaint agus a choinneáil ar iontaobhas’ ‘de réir a dtábhacht agus a bhfeidhmeanna náisiúnta’. Trí oibriú go dlúth le hIontaobhas Bhaile an Chaisleáin mar aon le Cartlann agus Lárionad Taighde OOP-Ollscoil Mhaigh Nuad lonnaithe i mBaile an Chaisleáin, tá i gceist againn taighde atá bunaithe ar na bunfhoinsí a threorú agus a fhorbairt sa chaoi go mbeidh ár leabhair, bileoga, taispeántais agus turais threoraithe chomh saibhir agus chomh taitneamhach agus is féidir. Creidimid go mbeimid níos ábalta an sainchomhartha iontach seo a chaomhnú, a léirmhíniú agus a thabhairt chun solais má thuigimid níos fearr ár láithreán agus na déantúsáin atá ann, chun tairbhe na tíre agus an iliomad cuairteoirí a gcuirimid fáilte rompu gach bliain.

Tá foilseacháin éagsúla a d’eascair ó thaispeántais agus ó thograí taighde san am atá thart i mBaile an Chaisleáin le feiceáil thíos.

Richard Gorman, CASA

OOP a d’fhoilsigh, 2016
ISBN 978-1-4064-2936-7

Réitíodh an chatalóg seo le teacht amach ag an am céanna le taispeántas Richard Gorman, Casa, ag Teach Bhaile an Chaisleáin in 2016. Tá réamhrá ó Mary Heffernan (OOP) le fáil sa chatalóg chomh maith le haiste ó Jennifer Goff, Coimeádaí Troscán, Airgid, Ceoil, Uirlisí Eolaíochta agus Bhailiúchán Eileen Gray in Ard-Mhúsaem na hÉireann.

Tá an chatalóg seo le ceannach ag deasc na dticéad i dTeach Bhaile an Chaisleáin ar €20.

The Children of Castletown House

Le Sarah Conolly-Carew
The History Press Ireland a d’fhoilsigh, 2012
ISBN: 978-1-84588-857-2
Praghas: €16.20 (ceannaigh ar líne anseo)

Ba é Teach Bhaile an Chaisleáin an áitreabh príobháideach ba mhó in Éirinn tráth, sártheach mór sa stíl Phallaidiach a raibh ar chomhchéim chumhachta le Baile Átha Cliath ar feadh tréimhse. Is é seo scéal fíorspéisiúil an cheathrar leanaí a d’fhás suas agus Baile an Chaisleáin mar bhaile acu, mar a chuireann duine de na leanaí céanna síos air.

Castletown: Decorative Arts

Elizabeth Mayes a chuir in eagar
OOP a d’fhoilsigh, 2011
ISBN: 2011
ISBN (clúdach bog) 978-1-4064-2637-3

Tá bailiúchán tábhachtach de phictiúir, de throscán agus de dhéantúsáin, go leor acu bainteach leis an teach féin, le fáil i mBaile an Chaisleáin, ceann de na tithe móra is breátha sa stíl Phallaidiach in Éirinn agus láthair an-suntasach d’Éirinn agus do gach aon duine a bhfuil spéis acu in ealaín agus in ailtireacht na hEorpa. Tá an taighde is déanaí ag roinnt scoláirí mór le rá le fáil sa chatalóg seo de na pictiúir, den troscán, agus de na healaíona maisiúla atá le fáil i mBaile an Chaisleáin. Is céim mhór chun cinn i staidéar na dtithe móra in Éirinn an saothar seo agus beidh sé ina áis bhuan do staraithe sóisialta agus dóibh siúd go léir ar spéis leo oidhreacht chultúrtha na hÉireann.

Tá an leabhar seo le ceannach ag deasc na dticéad i dTeach Bhaile an Chaisleáin ar €30.

Music and dancing at Castletown, Co. Kildare, 1759–1821

Le Karol Mullaney-Dignam
Four Courts Press a d’fhoilsigh, 2011
ISBN: 978-1-84682-296-4
Praghas: €8.95 (ceannaigh ar líne anseo)

Bhí Baile an Chaisleáin, in aice Chill Droichid i gCo. Chill Dara, mar theach ag an Ró-Onórach Thomas Conolly agus a bhean chéile an Bhantiarna Louisa (née Lennox). Mar lánúin thábhachtach de shliocht na n-uasal ba ghnách le muintir Conolly a bheith ag freastal ar na hócáidí sóisialta ba ghalánta i mBaile Átha Cliath agus i Londain. Bhí a n-áitreabh iontach ina lárionad caidreamhachta faiseanta, ina raibh áit lárnach ag an gceol agus an damhsa. Tugann an scrúdú léannta seo ar an gceol agus an damhsa mar ghnéithe den chaidreamhacht, den tsiamsaíocht agus den oideachas sa bhaile léargas nua ar fhoirm, feidhm agus feistiú an tí mhóir Sheoirseach in Éirinn.

Castletown, Co. Kildare

Patrick Walsh
OOP a d’fhoilsigh, 2007
ISBN: 978-0-7557-7550-7
Praghas: €8

Tugann an treoirleabhar seo do Bhaile an Chaisleáin ó pheann an staraí Patrick Walsh léargas iontach ar stair an tí mhóir. Tugtar míniú ar na gnéithe is tábhachtaí den teach, seomra ar sheomra, agus pléitear chomh maith na séadchomharthaí san fhearann páirce deartha mar aon le Baois Conolly agus an Iothlainn Aisteach.

Landscape Design in Eighteenth-Century Ireland: Mixing Foreign Trees with the Natives

Le Finola O’Kane
Cork UP a d’fhoilsigh, 2004
ISBN: 978-1859183625

Mionstaidéar bunaidh ar thírdhreacha i bPáil Bhaile Átha Cliath agus thart timpeall uirthi sa seachtú agus san ochtú haois déag mar aon le cuntas ar ghairdíní an cheantair agus spléachadh ar na cúiseanna aeistéitiúla, polaitiúla agus eacnamaíochta a thug ar a n-úinéirí iad a chruthú. Cuireann Finola O’Kane stair iontach físiúil de na heastáit inár láthair, neartaithe lena hanailís bheacht ar a bhfuil fágtha de na tírdhreacha bunaidh inniu. Tá na dosaenacha léarscáileanna, pleananna, uiscedhathanna agus pictiúr mar mhaisiú ar an sruth saibhir taighde sa leabhar seo.

Aristocrats: Caroline, Emily, Louisa and Sarah Lennox, 1740 – 1832

Le Stella Tillyard
Vintage a d’fhoilsigh, 1995

Tugann leabhar mórdhíola Stella Tillyard – a ndearnadh mionsraith BBC dó in 1999 – léargas fíorspéisiúil ar shaol na n-uasal san ochtú haois déag sa staidéar seo ar bheathaí an cheathrar deirfiúracha Lennox, iníonacha garpháiste de Charles II. Tagann guthanna na ndeirfiúracha Lennox chugainn go díreach agus go tréan, iad paiseanta, greannmhar agus corraitheach. Tarraingítear an léitheoir isteach ina ndomhan siúd, rud a fhágann gur seo ceann de na scéalta stairiúla is fearr a tháinig amach le blianta fada.