Athchóiriú an Tí

An Mórthionscadal

Nuair a díoladh an teach in 1965 agus an t-inneachar an bhliain dar gcionn, fágadh an áit bán agus rinneadh go leor loitiméireachta air.

Baineadh luaidhe den díon agus briseadh fuinneoga. Ar shlí éigin tháinig an chuid eile de na feistithe slán, na bunsimléir san áireamh. Bhí an chuma ar an scéal nach mbeadh dea-chríoch le stair bhreá Bhaile an Chaisleáin. In 1967 áfach, cheannaigh an tUasal Desmond Guinness an teach agus 120 acra ar mhaithe le hé a chaomhnú. Bhí Desmond agus Mariga Guinness tar éis Cumann Seoirseach na hÉireann a athbhunú in 1958 agus thóg an cumann Baile an Chaisleáin ar láimh mar an príomhthionscadal a chuir siad rompu sa tréimhse sin. Ba é an chéad teach é i gCúige Laighean a osclaíodh don phobal, rud a tharla in 1967.

Faoi scáth Chumann Seoirseach na hÉireann a tosaíodh ar athchóiriú Bhaile an Chaisleáin.

An chéad mhórthasc a bhí le déanamh ná troscán agus pictiúir a aimsiú don teach. D’éirigh le Desmond Guinness go leor de bhuntroscán an tí a cheannach ar ceant. Daoine príobháideacha a chuir an t-airgead ar fáil go fial chun íoc as an troscán agus as an obair athchóirithe. Oibrithe díograiseacha deonacha a rinne an-chuid den obair athchóirithe sin. In 1979, bunaíodh Fondúireacht Bhaile an Chaisleáin chun úinéireacht agus bainistiú an tí a riar. Bhí streachailt leanúnach ag baint le cothabháil an tí mar sin féin. Sa bhliain 1994, tar éis roinnt idirbheartaíochta, ghlac Oifig na nOibreacha Poiblí (OOP) leis an teach thar ceann an stáit.

 

An bhliain chéanna, chuir an OOP tús le clár caomhnaithe fairsing agus leanúnach i mBaile an Chaisleáin.

An chéad rud a bhí le déanamh leis an teach (Céim 1) ná an obair chloiche ar an taobh amuigh a dheisiú agus caoi a chur ar chreatlach an phríomhbhloic. Bhí díon sealadach cosanta ar an bpríomhbhloc. Baineadh é sin ina iomláine chomh maith leis an uchtbhalla. Baineadh as a chéile iad agus deisíodh iad. An méid a bhí i gceist le Céim 2 ná fadhbanna a réiteach a bhain leis an taobh istigh. Rinneadh athshreangú ar an teach agus nuashonraíodh an t-aláram dóiteáin agus slándála. Cuireadh críoch le Céim 2 i bhfómhar na bliana 1998. Bhí baint ag Céim 3 le fadhbanna struchtúracha agus le bailchríoch a chur ar an taobh istigh den phríomhbhloc. Rinneadh an tsíleáil sa Ghailearaí Fada níos láidre agus caomhnaíodh an obair phlástrála uirthi sular osclaíodh an teach don phobal arís in 1999.

Sa lá atá inniu ann tá cnuasach breá de shaothair ealaíona maisiúla Éireannacha le feiceáil i mBaile an Chaisleáin. Féadfaidh cuairteoirí taitneamh a bhaint as an ealaín sin in áit a bhfuil clú agus cáil air as an ailtireacht agus as áille an cheantair máguaird. Caitheadh dua nach beag, ní hamháin le caomhnú an tí féin, ach le hathchóiriú na dtailte timpeall air. Rinneadh obair mhór ar na páirceanna tírdhreachtaithe, na huiscebhealaí agus na baoiseanna, a tógadh thiar san ochtú haois déag. Is sampla maith den obair chaomhnaithe leanúnach atá ar siúl sa teach go dtí an lá inniu an Parlús Dearg, áit a bhfuil taipéisí balla síoda ón naoú haois déag ar crochadh. Taobh amuigh, cuireadh críoch le hathchóiriú na nGairdíní Pléisiúir in 2016.