Fáilte go Teach Bhaile an Chaisleáin

Beart ceannródaíoch, radacach ba ea tógáil Bhaile an Chaisleáin sna 1720idí agus is cuid iontach dár n-oidhreacht chultúrtha atá ann go fóill. Inniu, agus an OOP ag cur beocht nua sa teach Pallaidiach is sine agus is breátha in Éirinn, tá Baile an Chaisleáin ar thús cadhnaíochta arís eile. Tá súil againn go mbainfidh tú taitneamh as do chuairt.

Oscailte gach Lá i rith an tSéasúir

Tá an teach ar oscailt seacht lá na seachtaine ón 16 Márta go dtí 5 Samhain 2017. Tá ticéid ar fáil le ceannach ag an deasc fáilte do chuairteoirí sa teach. Tá fearann an tí oscailte ó cheann ceann na bliana agus cead saor in aisce ag cách teacht isteach agus breathnú thart.

Nua! Rothair ar Cíos!

Ón gcéad lá de mhí na Bealtaine is féidir rothar a phiocadh suas ó Wheels4U, taobh leis an mbealach isteach go dtí Clós na Feirme, agus sciuird a dhéanamh thart ar fhearann Bhaile an Chaisleáin agus sráidbhaile stairiúil Chill Droichid.

Teach agus Fearann Bhaile an Chaisleáin