Buaicphointí an Bhailiúcháin

Cuid de na Saothair is Tábhachtaí i dTeach Bhaile an Chaisleáin

Liosta Pearsanta de Sheoda Luachmhara

Is í an saineolaí caomhnaithe Linda Kearns atá freagrach as aire a thabhairt do chnuasach Bhaile an Chaisleáin. Le breis is deich mbliana anuas tá córas dian cothabhála ar siúl ag Linda agus a foireann chun an aire cheart a thabhairt do gach uile phíosa sa chnuasach. Bhí ról nach beag ag Linda san iarratas a rinne Teach Bhaile an Chaisleáin le haghaidh creidiúnú iomlán sa Chlár um Chaighdeáin Músaem in Éirinn in 2012 agus arís in 2016 nuair a rinneadh athnuachan ar an stádas sin. Agus an oiread sin seoda áille neamhchoitianta faoina cúram i gcaitheamh na mblianta, tá liosta pearsanta curtha le chéile aici de na buaicphointí, dar léi féin; liosta atá sí sásta a roinnt ar líne anseo.

Cliceáil ar an mionsamhail chun íomhá níos mó a fheiceáil.

The Bear Hunt

Seilg na mBéar, stiúideo Paul de Vos, c.1690.

Is cóip é seo de phictiúr de chuid Paul de Vos, péintéir Pléimeannach a mhair sa 17ú haois. Tá an bunphictiúr le feiceáil i Músaem an Dísirt i gCathair Pheadair. Bearradh an pictiúr ar an taobh deas ag pointe éigin chun go rachadh sé isteach sa chuas plástair láir os cionn an staighre starrmhaide. Thabharfadh sé sin le fios nár coimisiúnaíodh an saothar don suíomh áirithe sin. Murab ionann agus an radharc seilge, tá ragairne bacanálach i stíl François Boucher le feiceáil sna pictiúir sa dá chuas eile i Halla an Staighre. Díoladh an dá cheann acu sin i mí Aibreáin 1966. Grianghraf le Davison and Associates.

Murano Glass Chandeliers

Trí cinn de choinnleoirí craobhacha, an Iodáil, c.1775.


Foireann de thrí cinn de choinnleoirí craobhacha Veinéiseacha ón 18ú haois. Gloine dhaite agus gnáthghloine atá iontu agus iad maisithe le bláthanna agus barrghréasa múnlaithe. As gloine Murano a rinneadh iad agus níl coinnleoirí craobhacha mar iad le feiceáil in aon áit eile in Éirinn. Go deimhin tá siad neamhchoitianta go maith san Iodáil leis. Meastar gur ordaigh an Bhantiarna Louisa ón Veinéis iad idir 1775 agus 1778, tráth a raibh an Gailearaí Fada á athmhaisiú. Cuireadh leictreachas leis na coinnleoirí craobhacha seo i lár na 1990idí. Glanadh iad agus rinneadh athchóiriú orthu in 2009. Speisialtóirí gloine ón Veinéis a rinne an obair sin. Grianghraf le Davison and Associates.

Oak Deed Box

Taisceadán darach de chuid William Conolly, an 18ú haois luath.


Taisceadán déanta de dhair na hÉireann. Lámha dubha iarainn air. Choinníodh an Spéicéir William Conolly (1662-1729) a chuid cáipéisí ann. Tráth dá raibh bá é Conolly an duine ba shaibhre agus ba chumhachtaí in Éirinn nár dhuine de shliocht na huaisleachta é. Ní raibh aon chlann air féin agus a bhean Katherine agus, dá réir sin, nuair a fuair William bás d’fhág sé Baile an Chaisleáin agus na heastáit ar fad ag a nia, William James. Grianghraf le Davison and Associates.

The Print Room

Seomra na bPriontaí, an Bhantiarna Louisa Conolly a rinne, cuireadh críoch leis in 1769.



Tá rian Louisa Conolly le feiceáil i Seomra na bPriontaí níos mó ná in aon seomra eile i mBaile an Chaisleáin. D’oibrigh sí go díograiseach ann, ag bailiú priontaí, frámaí agus maisiúcháin eile, agus á gcur in eagar sa seomra. D’fhaigheadh sí painéil de pháipéar péinteáilte neasbhán agus ghreamaíodh sí na priontaí de na painéil sin. Chuirtí na painéil ar na ballaí ansin ar shliseoga adhmaid clúdaithe le héadach. D’éirigh le Louisa seomra cluthar, an-phearsanta a chruthú a fágadh sa bhunriocht sin ó shin i leith, in ainneoin na n-athruithe iomadúla san fhaisean agus sna tuiscintí a tháinig chun cinn. Is é an t-aon Seomra Priontaí in Éirinn é a tháinig chugainn go hiomlán slán ón 18ú haois. Grianghraf le Davison and Associates.

Mrs Parnel Moore

Portráid de Mrs Parnel Moore (1649-1761), ní fios cé a rinne, 18ú haois.

Tá an pictiúr seo ar cheann de na bunsaothair is sine sa chnuasach nó meastar go raibh sé ann i gcéadlaethanta Bhaile an Chaisleáin. Bheadh slua mór searbhóntaí ag teastáil ina leithéid de theach agus ar dhuine acu sin bhí Mrs Parnel Moore, a fuair bás ag aois 112 dar leis an inscríbhinn ar an bpictiúr. Grianghraf le Davison and Associates.

Cranfield Serving Tables

Dhá thaobh-bhord, luaite le Richard Cranfield, c.1768.

Péire de thaobh-bhoird Éireannacha ó ré Sheoirse III. Iad óraithe le huisce agus le hola. Barr múnlaithe as marmar liath ar an dá cheann acu. Tá an dá bhord nuachlasaiceacha seo ag teacht le stíl an tSeomra Bhia, seomra a rinneadh nuair a cumascadh dhá sheomra eile timpeall 1767. Meastar gur snoíodóir i mBaile Átha Cliath, Richard Cranfield, a rinne na boird. Grianghraf le Davison and Associates.

Mahogany Bureau-Cabinet

Caibinéad biúró mahagaine, Éire, c.1760.


Caibinéad mahagaine ó ré Sheoirse III. Tá peidiméid bhriste air ar a bhfuil déadóga agus scrollaí agus tá róiséid greanta air mar mhaisiúchán. Ba nós leis an mBantiarna Louisa bheith ag scríobh go rialta chuig a deirfiúracha agus a deartháireacha in Éirinn agus i Sasana ar feadh a saoil. Is furasta í a shamhlú ina suí ag an mbiúró seo, a cuid litreacha á scríobh aici agus na cinn a fuair sí á stóráil sna tarraiceáin. Tá tras-scríbhinní de na litreacha a scríobh sí chuig a deartháireacha agus deirfiúracha le feiceáil i gCartlann agus Lárionad Taighde OOP-Ollscoil Mhaigh Nuad i mBaile an Chaisleáin. Grianghraf le Davison and Associates.

Charles Lennox

Charles Lennox, an Dara Diúc Richmond, Jean-Baptiste Van Loo a rinne.
Portráid leathmhéide de Charles Lennox (1701–1750), an Dara Diúc Richmond agus an Dara Diúc Lennox. Tá cathéide agus ribín Ord an Ghairtéir á chaitheamh aige. Tá fráma comhaimseartha i stíl William Kent timpeall ar an bpictiúr. Grianghraf le Davison and Associates.

Lady Louisa Lennox

Pastal den Bhantiarna Louisa Lennox, grúpa George Knapton, c.1747.
Le grúpa George Knapton a luaitear an pastal seo ina bhfuil an Bhantiarna Louisa le feiceáil ag aois a ceathair. Iníon Charles Lennox, an 2ú Diúc Richmond, agus a bhean chéile an Bhantiarna Sarah Cadogan, ab ea Louisa. Fuair a tuismitheoirí bás nuair a bhí sí ocht mbliana d’aois. Nuair a tharla sé sin chuaigh sí féin agus a beirt deirfiúracha níos óige, Sarah agus Cecilia, chun cónaithe lena deirfiúr níos sine, Emily, in Éirinn. Ba í Emily Cuntaois Chill Dara. Grianghraf le Davison and Associates.

Meissen Vases

Péire vásaí, an Ghearmáin, c.1850.

Péire de vásaí móra Meissen atá óraithe in áiteanna agus bán in áiteanna eile. I gcruth cloigín atá siad. Tá dhá lámh ar an dá cheann acu agus tá na lámha sin maisithe le nathracha agus acantas fite fuaite lena chéile. Meastar gur fear a bhí ina Impire na Fraince níos déanaí, Napoléon III, a thug na vásaí do Thomas Conolly (1823-1876). Grianghraf le Davison and Associates.

Cabinet

Caibinéad seapánta, an 18ú haois luath.

Caibinéad Síneach polacrómach óraithe ina sheasamh ar sheastán Éireannach. Dhá dhoras air a péinteáladh níos déanaí le híomhánna de thírdhreacha rómánsúla agus d’éin ar chúlraí bláthanna. Ceaptar gur Katherine Conolly a phéinteáil na radhairc thírdhreacha ar an gcaibinéad laicearaithe timpeall na bliana 1725. Deirtear gur mar bhronntanas dá garneacht, Molly Bruton, a rinne sí é sin. Ní raibh aon chlann ar Katherine, ach is í a thug aire do Molly nuair a fuair a hathair bás. Grianghraf le Davison and Associates.

Musical Clock

Clog Ceoil le Charles Clay, c.1730.

Meastar gur Katherine agus William Conolly a thug an clog ceoil tábhachtach seo go dtí Baile an Chaisleáin. Ba é Charles Clay, príomhdhéantóir clog le Bord na nOibreacha Poiblí i Londain a rinne an clog. Táthar den tuairim nach bhfuil aon chlog eile dá leithéid in Éirinn. Is féidir an ceol binn uaidh a chloisteáil timpeall na coda sin den teach. Grianghraf le Davison and Associates.