Ionaid

Suíomh Foirfe do Ghnó nó do Phléisiúr

Na Stáblaí agus an Teach Cóiste

Dhá stábla ar ceachtar taobh d’ionad fáilte sa Teach Cóiste atá i Sciathán na Stáblaí, a bhfuil athchóiriú déanta air le déanaí. Is iad na stáblaí an sampla is luaithe de stáblaí boghtacha atá ar marthain in Éirinn anois agus is faoina ndíonta a reáchtáiltear ár Margaí Tuaithe agus Aonaigh Cheardaíochta rialta. Táthar tar éis Aonach Seandachtaí na hÉireann, maille lena stór de sheandachtaí áille agus uathúla, a reáchtáil anseo faoi dhó chomh maith.

Is féidir na Stáblaí agus an Teach Cóiste a chur in áirithe le haghaidh:

  • Taispeántais
  • Fáiltithe
  • Aonaigh agus Margaí
  • Seoladh Tairgí
  • Fótaisheisiúin

An Seomra Seilge

Ar an gcéad urlár de Sciathán na Stáblaí, rinneadh Ionad Comhdhálacha nua a shuitiú le deireanas ina bhfuil trí Ionad ar leith – An Seomra Seilge, An Seomra Glas agus An Seomra Billéardaí – chomh maith le rochtain éasca ardaitheora, cistin lónadóireachta agus áiseanna leithris.

Meascán de ghalántacht an tseansaoil agus samhlaíocht an aonú haois agus fiche atá sa Seomra Seilge, an seomra is mó san ionad comhdhálacha. Faoina bhíomaí adhmaid mionsnoite tá láthair fhoirfe ar fáil d’imeachtaí corparáideacha agus cultúrtha araon.

Is féidir an Seomra Seilge a chur in áirithe le haghaidh:

  • Cruinnithe Boird
  • Comhdhálacha
  • Léachtaí
  • Ceolchoirmeacha
  • Seoltaí Leabhar
  • Léirithe Amharclannaíochta

Íoslódáil plean urláir den Seomra Seilge anseo.

Íoslódáil plean urláir den chéad urlár den Ionad Comhdhálacha (An Seomra Seilge, An Seomra Billéardaí agus An Seomra Glas san áireamh) anseo.

An Seomra Glas

Tá an Seomra Glas buailte leis an Seomra Seilge agus is féidir é a úsáid mar sheomra cruinnithe beag, seomra le haghaidh grúpaí beaga, nó mar sheomra ar leith chun cúrsaí lónadóireachta a eagrú.

Íoslódáil plean urláir den chéad urlár den Ionad Comhdhálacha (An Seomra Seilge, An Seomra Billéardaí agus An Seomra Glas san áireamh) anseo.

An Seomra Billéardaí

Tá an seomra geal scóipiúil seo suite díreach os cionn an Tí Chóiste (fáiltiú) agus tá sé ceangailte leis an Seomra Seilge.

Tá an Seomra Billéardaí díreach i gceart do chruinnithe lasmuigh den láthair oibre nó, nuair a chuirtear in áirithe in éineacht leis an Seomra Seilge (atá níos mó) é, tá sé foirfe mar sheomra le haghaidh grúpaí beaga nó mar sheomra le haghaidh lóin/dinnéir, idir bhéile ag an mbord agus bhuifé, chomh maith le briseadh tae agus caife.

Is féidir an Seomra Billéardaí a chur in áirithe le haghaidh:

  • Cruinnithe Boird
  • Seomra le hAghaidh Grúpaí Beaga
  • Lón/Dinnéar

Íoslódáil plean urláir den chéad urlár den Ionad Comhdhálacha (An Seomra Seilge, An Seomra Billéardaí agus An Seomra Glas san áireamh) anseo.

An Halla Iontrála agus Halla an Staighre

Tá ráiteas láidir, muiníneach á dhéanamh ón nóiméad a leagann tú cos i dTeach Bhaile an Chaisleáin agus a bhfeiceann tú an Halla Iontrála draíochtúil ar airde dhá urlár romhat, agus an staighre starrmhaide maorga de chloch Portland agus an maisiúchán saibhir stucó i Halla an Staighre. Tagann an t-urlár d’aolchloch shnasta i bpatrún seicear agus an teallach de mharmar Chill Chainnigh le mian William Conolly gur de scoth an ábhair Éireannaigh amháin a thógfaí an teach. Léiríonn an stucó fíneáilte ar na ballaí agus na síleálacha an mháistreacht a bhí ag na deartháireacha Eilvéiseacha Lafranchini ar a gceird.

Is féidir an Halla Iontrála agus Halla an Staighre a chur in áirithe le haghaidh:

  • Fáiltithe
  • Dinnéir Cheiliúrtha
  • Ceolchoirmeacha
  • Seoltaí
  • Fótaisheisiúin

Íoslódáil plean urláir den Halla Iontrála anseo.

An Gailearaí Fada

Is é atá sa Ghailearaí Fada ná toradh na mblianta fada den fhuinneamh, den scil agus den cheardaíocht a caitheadh ar íomhá na Bantiarna Louisa Conolly do Theach Bhaile an Chaisleáin a fhíorú. Athchóiríodh an seomra seo sna 1770idí agus deir foinsí an ama linn go raibh an-tóir ar an tsiamsaíocht phríobháideach sa suíomh galánta seo i stíl na hIodáile. Bhí sé ag cur thar maoil le pictiúir Rafaeilíteacha, arabascaigh i stíl Phoimpé, coinnleoirí craobhacha gleoite de ghloine Murano agus bailiúchán de dhealbha agus de bhustaí clasaiceacha; an t-iomlán faoi bhráid phortráidí Thomas agus an Bhantiarna Louisa Conolly ag ceachtar ceann an tseomra.

Go dtí an lá inniu féin, is láthair ar leith é an Gailearaí Fada le haghaidh:

  • Ceolchoirmeacha
  • Dinnéir Cheiliúrtha
  • Fáiltithe
  • Searmanais Bhronnta
  • Léachtaí
  • Léirithe Amharclannaíochta
  • Fótaisheisiúin

An Seomra Bia

Bhí páirt an-tábhachtach ag cúrsaí bia san fháilte a cuireadh roimh chuairteoirí i mBaile an Chaisleáin, ach níor cruthaíodh seomra a bhí leagtha amach mar sheomra bia go dtí 1768. Ba ghá balla idir dhá sheomra ar urlár na talún a bhaint amach go seiftiúil chun seomra mór go leor a chruthú agus rinneadh atógáil dá réir ar an gcrosbhalla ar an dá urlár uachtaracha. Is féidir dinnéir do suas le 40 duine a óstáil sa Seomra Bia go fóill, rud a thugann deis do do chuid aíonna sult a bhaint as ócáid dhodhearmadta faoin tsíleáil iontach stucó. Beidh siad timpeallaithe ag an troscán óraithe bunaidh a shnoigh an ceardaí iomráiteach Richard Cranfield ó Bhaile Átha Cliath san ochtú haois déag. Tá áiseanna do lucht lónadóireachta i seomra úsáideach in aice láimhe.

Is féidir an Seomra Bia a chur in áirithe le haghaidh:

  • Fáiltithe
  • Dinnéir Cheiliúrtha
  • Ceadail

Na Gairdíní Pléisiúir

Lonnaithe in aice an chlóis thiar agus Sciathán na Cistine, rinne an OOP athchóiriú ar na Gairdíni Pléisiúir in 2016 agus tá siad ar fáil anois do chóisirí nó imeachtaí príobháideacha sa ghairdín. Tá siad go hiomlán sreangaithe do sheirbhísí agus tá príobháideachas agus suaimhneas ar leith le fáil iontu chomh maith leis an deis Baile an Chaisleáin a bhlaiseadh ar bhealach nua.

San am atá thart, bhíodh drámaí agus léirithe ceoldrámaíochta ar bun ar na plásóga taobh thiar den teach agus tugann an spás sa bhreis atá sna Gairdíní Pléisiúir tírdhreachtaithe deiseanna nua chun cinn d’ollphubaill agus do chóisirí agus imeachtaí samhraidh.

Is féidir na Gairdíní Pléisiúir a chur in áirithe le haghaidh:

  • Cóisirí Gairdín
  • Léirithe Amharclannaíochta
  • Ceolchoirmeacha
  • Seoltaí
  • Fótaisheisiúin

Acmhainn spáis agus Teicneolaíocht

Tá ár bpríomhionaid chomhdhála iomlán feistithe le córais fuaime, scáileáin agus teilgeoirí, agus Wi-Fi saor in aisce.

Ionad Achar (m. cearn) Amharclann Féasta/Fáiltiú Fáiltiú
An Seomra Seilge 114 90 100 150
An Seomra Billéardaí 46 40 60 80
An Gailearaí Fada 164 150 80 150
An Seomra Bia 78 50 40 60
An Halla Iontrála 81 60 90 150
Na Gairdíní Pléisiúir 3200
Na Stáblaí 42 + 2 stalla ag 11 m. cearn. an ceann d’achar taispeántais