Naisc Oidhreachta OOP

Is í Oifig na nOibreacha Poiblí (OOP) a thugann aire do shuíomhanna íocónacha de chuid na hÉireann ó Pháirc an Fhionnuisce i mBaile Átha Cliath go Dolmain Pholl na Brón i mBoirinn, Co. an Chláir. Táimid freagrach as aire a thabhairt do na suíomhanna oidhreachta is tábhachtaí sa tír, iad a chothabháil agus iad a oibriú.

Is Suíomh Oidhreachta Domhanda dhá cheann díobh sin – Sí an Bhrú agus Sceilg Mhichíl. Ach áirítear ar ár suíomhanna oidhreachta freisin líon mór áiteanna atá níos lú agus nach bhfuil chomh cáiliúil céanna ach atá suntasach mar sin féin agus a ngabhann tábhacht náisiúnta leo. Tugann OOP aire do 780 suíomh ar fad.

I measc na suíomhanna sin tá tithe stairiúla amhail Farmleigh, gairdíní amhail an Gairdín Cuimhneacháin agus Faiche Stiabhna, suíomhanna ar ar troideadh cath stairiúil amhail Cath na Bóinne – agus oileáin atá tábhachtach ó thaobh an chultúir de, amhail an Blascaod Mór i gCo. Chiarraí.

Is dlúthchuid d’oidhreacht chultúrtha na hÉireann gach suíomh dár gcuid. Tá dualgas orainn freisin oidhreacht foirgneamh agus séadchomharthaí atá faoi chúram an Stáit a chaomhnú ach, ag an am céanna, cead a thabhairt don phobal cuairt a thabhairt orthu agus go deimhin iad a spreagadh chun é sin a dhéanamh.

Tugann na milliúin duine as Éirinn agus as áiteanna níos faide i gcéin cuairt ar ár suíomhanna oidhreachta gach bliain agus iad ag iarraidh foghlaim faoi stair agus faoi chultúr na hÉireann. Tá treoraithe ar fáil i seachtó de na suíomhanna is mó tóir, ar bhonn lánaimseartha nó séasúrach. Cuireann na treoraithe sin turais agus cainteanna ar fáil. Sa bhliain 2012, thug 3.8 milliún duine cuairt ar na suíomhanna seo chun taitneamh a bhaint astu, as na taispeántais léirmhínitheacha iontu agus as na paimfléid agus nuachtlitreacha a chuirtear ar fáil. Baineann na milliúin cuairteoir eile taitneamh as suíomhanna OOP nach bhfuil aon duine ag obair iontu.

Tá dhá shainaonad freagrach as Seirbhís Oidhreachta OOP:

An tSeirbhís Náisiúnta Séadchomharthaí

An tSeirbhís Náisiúnta Ionad Réadmhaoine Stairiúla

Tugann aonad na Seirbhísí do Chuairteoirí tacaíocht do na haonaid sin agus riarann siad Seirbhís na dTreoraithe agus margaíocht na suíomhanna.

Oibríonn Seirbhísí Oidhreachta OOP i gcomhar le gníomhaireachtaí agus comhpháirtithe oifigiúla eile a bhfuil príomhról acu ó thaobh oidhreacht na hÉireann a chur chun cinn. Áirítear orthu sin:

Ina theannta sin, comhoibrímid le roinnt comhpháirtithe a bhfuil suim acu i gcúrsaí oidhreachta, mar shampla:

  • Grúpaí agus cumainn staire áitiúla
  • Grúpaí seandálaíochta
  • Forais acadúla agus chultúrtha

Na hIonaid Náisiúnta Réadmhaoine Stairiúla

Tá na hIonaid Náisiúnta Réadmhaoine Stairiúla freagrach as 30 ionaid réadmhaoine agus Páirceanna stairiúla, Gairdíní agus tírdhreacha deartha tábhachtacha an Stáit a mhaoirsiú, a chothabháil, a bhainistiú agus a chur i láthair.

Na Séadchomharthaí Náisiúnta

Tá an tSeirbhís Náisiúnta Séadchomharthaí freagrach as a bheith i mbun na Séadchomharthaí Náisiúnta uile atá faoi chúram an Stáit (i.e. faoi úinéireacht agus caomhnóireacht an Stáit) go laethúil.

Bailiúchán Ealaíne Stáit

Tá an OPW freagrach as Bailiúchán Ealaíon an Stáit a bhainistiú ina bhfuil c.16,000 saothar i gceist.

Oidhreacht Éireann

Tugann an láithreán eolas duit faoi suíomhanna tarraingthe agus ilghnéitheach oidreacht na hÉireann.

Cliceáil ar íomhá chun teacht ar an suíomh gréasáin ábhartha.

Teach agus Gailearaí Gléibe, Dún na nGall

Gairdíní Náisiúnta Cuimhneacháin Cogaidh na hÉireann, Baile Átha Cliath

Músaem na bPiarsach agus Páirc Naomh Éanna, Baile Átha Cliath

Caisleán Ráth Fearnáin, Baile Átha Cliath

Reilig Mhíleata Ghráinseach Ghormáin, Baile Átha Cliath

An Gairdín Cuimhneacháin, Baile Átha Cliath

Reilig Chnoc an Arbhair, Baile Átha Cliath

Páirc Fhaiche Stiabhna, Baile Átha Cliath

Caisleán Bhaile Átha Cliath, Baile Átha Cliath

Páirc an Fhionnuisce, Baile Átha Cliath

Farmleigh, Baile Átha Cliath

Gairdíní Uíbh Eachach, Baile Átha Cliath

Músaem Phríosún Chill Mhaighneann, Baile Átha Cliath

Casino Marino, Baile Átha Cliath

Ionad agus Oileán an Bhlascaoid Mhóir

Teach Dhoire Fhíonáin, Ciarraí

Teach Bhaile an Chaisleáin, Cill Dara

Caisleán Chill Chainnigh, Cill Chainnigh

Cath na Bóinne, an Mhí