Ionad ar Cíos

Oiriúnach d’Áirithintí Corparáideacha, Imeachtaí Cultúrtha, Grianghrafadóireacht agus Scannánú

Láthair ar Leith

Is láthair ar leith in Éirinn é Teach Bhaile an Chaisleáin le d’ócáid a eagrú ann. Tá na háiseanna comhdhála is nua-aimseartha ar fáil i sean-Sciathán na Stáblaí mar aon le rogha de sheomraí áille stáiriúla istigh sa Teach Mór d’ócáidí stáit agus corparáideacha, fótaisheisiúin, seoladh táirgí agus imeachtaí cultúrtha. I measc na láithreacha seo tá an Halla Iontrála iontach, a dhear Edward Lovett Pearce, agus an Gailearaí Fada, maisithe le múrphictiúir i stíl Phoimpé and soilsithe le foireann de thrí choinnleoirí chraobhacha neamhchoitianta déanta as gloine Murano sna 1770idí. Chomh maith leis na láithreacha stairiúla seo taobh istigh, cuireann Baile an Chaisleáin na Gairdíní Pléisiúir, atá athchóirithe le deireanas, ar fáil d’áirithintí corparáideacha.

Bí i dteagmháil linn chun do riachtanais a phlé, beidh ár bhfoireann breá sásta cabhrú!

Íoslódáil

An bróisiúr maidir le hionaid a thógáil ar cíos ag Teach Bhaile an Chaisleáin. Caith súil ar ár gCeisteanna Coitianta freisin, le do thoil.

Tá Teach Bhaile an Chaisleáin lonnaithe díreach 20km ó lár Chathair Bhaile Átha Cliath (23 nóiméad sa ghluaisteán) agus díreach 10 nóiméad ó Ghleann na Life. Tá sé an-éasca tiomáint anseo trí Bhealach Amach 6 ón M4, Cill Droichid Thiar.

Is iad na haerfoirt is gaire dúinn ná Aerfort Bhaile Átha Cliath (28km) agus Aerfort Weston (7km; scairdeitleáin phríobháideacha/ghnó).

Punann d’Fhoirgnimh Stairiúla

Chomh maith le Baile an Chaisleáin, tá ionaid eile de chuid Oifig na nOibreacha Poiblí ar fáil le cur in áirithe. Brúigh thíos le níos mó a léamh faoi cheithre fhoirgneamh stairiúla i mBaile Átha Cliath atá ar fáil d’imeachtaí. Bí i dteagmháil lenár gcomhghleacaithe san Oifig Imeachtaí i gCaisleán Bhaile Átha Cliath chun na deiseanna seo a phlé agus an rogha is oiriúnaí do d’imeacht a dhéanamh.

Garraithe Náisiúnta na Lus

Casino Marino

Caisleán Bhaile Átha Cliath

Caisleán Ráth Fearnáin

Castletown House