Le Teacht Orainn

Scrollaigh d’eolas maidir le láthair, inrochtaineacht, agus láithreacha eile sa cheantar.

Faigh Baile an Chaisleáin

Tá sé éasca tiomáint go Baile an Chaisleáin agus níl sé ach 10 nóiméad ó Ionad Siopadóireachta Ghleann na Life agus an M50. Níl sé ach 20km ó lár Chathair Bhaile Átha Cliath agus 28km ó aerfort Bhaile Átha Cliath.

Ar Bhus

Bus Átha Cliath: Bealach Bus 67.

Tógann an turas bus ó lár Chathair Bhaile Átha Cliath go dtí príomhshráid Chill Droichid thart ar 45 nóiméad. As sin, tá siúlóid 10 nóiméad romhat go Teach Bhaile an Chaisleáin.

I nGluaisteán

Ag teacht ó Bhaile Átha Cliath ar an M4 duit, tóg Bealach Amach 6 (Bealach Amach Chill Droichid Thiar/Léim an Bhradáin Thiar – R449, comharthaí do Bhaile an Chaisleáin agus Hewlett Packard). Níl slí isteach do ghluaisteáin ach trí na geataí ar Bhóthar Halla an Sciobóil amháin – do choisithe/rothair amháin atá na geataí ar phríomhshráid Chill Droichid.

Brúigh ar an léarscáil chun treoracha a fháil ón áit ina bhfuil tú. Tá páirceáil saor in aisce do ghluaisteáin sa charrchlós ar thaobh na láimhe clé agus tú ag teacht go dtí an teach.

GPS/Loingseoireacht satailíte d’Fheithiclí: 53.357877,-6.527574

Do Bhealach a Dhéanamh Timpeall ar Bhaile an Chaisleáin.

Tá an deasc ticéad agus an fáiltiú le fáil sa Teach Cóiste i sean-Sciathán na Stáblaí (fch an léaráid den teach thíos).

Ag Freastal ar Chomdháil

Tá an tIonad Comhdhálacha lonnaithe i Sciathán na Stáblaí leis. Brúigh anseo le tuilleadh eolais a fháil faoi na hionaid.

Íoslódáil

Léarscáil PDF de Theach agus Fearann Páirce Bhaile an Chaisleáin.

Inrochtaineacht

Tá spásanna páirceála dóibh siúd faoi mhíchumas le fáil ar thaobh Sciathán na Cistine /An Chaifé den teach (an taobh thall den teach agus tú ag teacht chuige i ngluaisteán).

Tabhair faoi deara, le do thoil, go bhfuil rochtaineacht theoranta ar na seomraí músaeim, agus níl rochtaineacht do chathaoireacha rothaí go dtí an chéad agus an dara hurlár den teach mór agus go dtí an Seomra Seilge i Sciathán na Stáblaí. Ní féidir bugaithe ná pramanna a thabhairt isteach sna seomraí músaeim agus is gá iad a fhágáil ag an bhfáiltiú.

Tá fáilte roimh mhadraí treorach. Bí i dteagmháil linn, le do thoil, má tá ceisteanna sa bhreis agat.

Rothair ar Cíos

I mbliana, beidh an deis agat tabhairt faoi sciuird beagáinín níos faide agus níos mó den áilleacht thart ar Bhaile an Chaisleáin a bhlaiseadh trínár scéim nuasheolta Rothar ar Cíos, i gcomhpháirt le Wheels 4 U i sráidbhaile stairiúil Chill Droichid.

Beidh an scéim seo ar fáil gach lá ó Bhealtaine go Lúnasa.

San áireamh sa chíos, beidh clogad, glas agus rothar le ciseán chun tosaigh do do chuid earraí pearsanta. Gearrfar na táillí a leanas: €6.00 in aghaidh na huaire, €15.00 do leathlá (nó suas go 4 huaire) agus €25.00 ar feadh lá iomlán.

Bí i dteagmháil le Wheels 4 U má tá ceisteanna sa bhreis agat.

B’fhéidir go mbeadh spéis agat cuairt a thabhairt ar…

Tá na láithreacha iontacha seo go léir achar gearr ó Theach Bhaile an Chaisleáin. Baineann Baile an Chaisleáin le Sean-Oirthear na hÉireann. Brúigh anseo chun teacht ar láithreacha eile sa chomharsanacht.